Iarla Mac Aodha Bhui

Rugadh Iarla Mac Aodha Bhuí i gContae na Gaillimhe i 1957. Thosaigh sé ag scríobh altanna agus gearrscéalta i 1977 agus foilsíodh iad in An tUltach ar feadh roinnt blianta. Scríobh a chéad leabhar Iomrall i 1979, agus d'fhoilsigh Coiscéim é i 1982. D'fhill ar an staidéar i 1982 agus scríobh tráchtas ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin (údar An Uain Bheo, Maeldún, Muintir srl). Bronnadh an M.Phil air i 1986.


D'fhoilsigh Coiscéim trí leabhar leis, Eití Samhraidh (1993), úrscéal do dhéagóirí a d'aistrigh sé ón Fhraincis, Trasnú (1994), gearrscéalta, agus Ráífa (1994), úrscéal do dhéagóirí. Ghnóthaigh sé roinnt duaiseanna Oireachtais ar son aistí critice, gearrscéal agus scéalta do dhéagóirí. I measc na nduaisiarrachtaí tá An Lamborghini Buí a d'fhoilsigh An Gúm i 1998, Domhan Faoi Cheilt, a d'eisigh Cló Mhaigh Eo i 1999 agus An Clár Amanda a d'fhoilsigh Cló Mhaigh Eo i 2000. D'fhoilsigh Comhar Teoranta Tréigean na Cúise, úrscéal do dhéagóirí i 1999. Cónaí anois air sa Spáinn, é ag obair mar aistritheoir agus scríbhneoir.


Iarla Mac Aodha Bhuí now lives in Spain and works as a translator. He has won many Oireachtas literary awards for his work and has been published by a number of Irish publishing houses.