Hé, a Ruairí!
(Ruairí's Bad Day)

Foilsitheoir / Publisher - Cló Mhaigh Eo

Bhí Ruairí sa seomra suite ag breathnú ar chartúin nuair a chuala sé Mamaí ag glaoch air.

'A Ruairí, tá mise ag dul go dtí an gruagaire. An ndéanfaidh tú jaibín beag dom?'

Jaibín? Ní raibh Ruairí ró-chinnte.

'Ceart go leor,' ar seisean. 'Céard é féin?'

'Tar amach anseo agus taispeánfaidh mé duit.'

D'éirigh Ruairí go drogallach agus amach leis go dtí an chistin. Bhí sé ag súil nach jab mór millteach a bhí i gceist aici ar nós an féar a ghearradh nó an tseid a ghlanadh. Bhí seisean ag iarraidh na cartúin a fheiceáil!

Bhí Ruairí sa seomra

Tá sé a cúig tar éis a dó anois a Ruairí

'Ach rud eile ar fad a bhí i gceist ag Mamaí. Bhí cáca á chur isteach san oigheann aici.

Tá sé a cúig tar éis a dó anois a Ruairí,' ar sise. 'Féadfaidh tú an cáca seo a thógáil amach ag a trí. Ceart go leor?'

'Ceart go leor, a Mhamaí, arsa Ruairí.

'Ní dhéanfaidh tú dearmad air?'

'Ní dhéanfaidh'.

'Maith an buachaill. Gheobhaidh mé rud éigin duit. Beidh mé ar ais ag a cúig. Slán go fóillín.'

 

'Slán,' arsa Ruairí agus ar ais leis go dtí an teilifís.

Ní raibh sé i bhfad ina shuí nuair a chuala sé duine éigin ag an doras.

Cé a bhí ann ach Máirtín.

'Hé, a Ruairí,' ar seisean, 'tá cluiche sacair thíos sa pháirc. Bhfuil tú ag teacht?'

'Cinnte,' arsa Ruairí. 'Fan go bhfaighfidh mé mo chuid stuif.'

Cé a bhí ann ach Máirtín.

Tar éis tamaillín d'fhéach Máirtín

Ní raibh sé i bhfad go raibh Ruairí i lár an aicsin agus dearmad glan déanta aige ar an gcáca! Ag leath am bhí foireann Ruairí chun cinn, a deich a sé, agus bhí sé an-sásta leis féin.

Bhí an lá an-te agus bhí gach duine spalptha leis an tart. D'imigh Séimí go dtí an siopa le haghaidh buidéil oráiste.

Fiche nóiméad ina dhiaidh sin bhí gach duine fós ina luí ar an bhféar agus iad ag fanacht le Séimí. Ach ní raibh tásc ná tuairisc air.

Tar éis tamaillín d'fhéach Máirtín ar a uaireadóir go mí-fhoighdeach.

'Cá bhfuil sé?, ar seisean. 'Tá sé fiche chun a ceathair anois!'

'Céard a dúirt tú?' arsa Ruairí agus shuigh sé suas díreach. Bhí dath an bháis ar a éadan.

'Céard atá ort, a Ruairí?' arsa Máirtín.

Ach bhí sé ró-mhall. Bhí Ruairí ag imeacht leis ar a rothar síos an bóthar!

Is this the end for Ruari?

Is this the end for Ruari?

Údar / Author:

Colmán O Raghallaigh

Maisitheoir / Illustrator:

Anne Marie Carroll

ISBN:

1 8999 22 032

Foil. / Publ.:

1997

Praghas / Price

euro6.50 go to online shop

64 lch. / pp:

B&W illustrations / Dubh agus Bán.

 

| baile / home |
| údair / authors | leabhair / books | chuig / ask Ruairí |
| léirmheasanna / reviews | coimicí / comics | siopa / shop |
| nuacht/news| naisc / links |
| CD-ROM |

Eolas / Information
Colmán agus Mairéad Ó Raghallaigh

Droimnín
Clár Chlainne Mhuiris
Co Mhaigh Eo
Eire / Ireland

Tel: ++ 353 (0) 94 937 1744
Fax: ++ 353 (0) 94 937 1744
E-mail: colman@leabhar.com