Iarla Mac Aodha
Bhuí
Cló Mhaigh Eo -
Book Publishers
Rugadh
Iarla Mac Aodha Bhuí i gContae na Gaillimhe i 1957.
Mar gheall ar an obair a bhí ag a athair mar ailtire
le húdaráis áitiúla
chónaigh sé in áiteanna
éagsúla ar fud na tíre ar nós
Maigh Eo, Tír Chonaill agus Ciarraí sula
ndeachaigh sé ar scoil den chéad uair i
gCorcaigh (An Mhodhscoil). Chaith cúpla bliain ansin
i nDún Laoghaire (i Scoil Lorcáin 1964-66)
agus ar air go Corcaigh ansin. Chríochnaigh sé
a chuid bunoideachais i Scoil Bharra agus chaith dhá
bhliain sa Mhainistir Thuaidh, 1968-1970. Bhí baint
ag a thuismitheoirí leis na hiarrachtaí chun
pobal lánghaelach a bhunú i nGleann Maighir
ach chuaigh a athair ag obair le Comhairle Chontae
Dhún na nGall i 1970. Chónaigh siad i nGaoth
Dobhair ó 1970 agus is ann atá a mhuintir go
fóill. D'fhreastail sé ar Ardscoil Mhuire sna
Doirí Beaga agus rinne an Ardteist i 1973. Rinne
sé staidéar ar an Léann
Éireannach in Ollscoil Nua Uladh i gCúil
Raithin agus ghnóthaigh an B.A i 1976. Chaith
sé tamall gearr ag múineadh i bPobalscoil
Ghaoth Dobhair agus chuaigh go Gaillimh i 1977 mar a raibh
post aige mar ghrianghrafadóir san ollscoil.
Thosaigh
ag scríobh altanna agus gearrscéalta i 1977
agus foilsíodh iad in An tUltach ar feadh roinnt
blianta. Scríobh a chéad leabhar Iomrall i
1979, agus d'fhoilsigh Coiscéim é i 1982.
D'fhill ar an staidéar i 1982 agus scríobh
tráchtas ar Dhiarmaid Ó
Súilleabháin (údar An Uain Bheo,
Maeldún, Muintir srl). Bronnadh an M.Phil air i
1986.
Rinne sé leabhar den tráchtas agus
d'fhoilsigh An Clóchomhar é i 1992.
D'fhoilsigh Coiscéim trí leabhar eile leis:
Eití Samhraidh (1993), úrscéal do
dhéagóirí a d'aistrigh sé
ón Fhraincis, Trasnú (1994),
gearrscéalta, agus Ráífa (1994),
úrscéal do dhéagóirí.
Ghnóthaigh sé roinnt duaiseanna Oireachtais ar
son aistí critice, gearrscéal agus
scéalta do dhéagóirí. I measc na
nduaisiarrachtaí tá An Lamborghini Buí
a d'fhoilsigh An Gúm i 1998, Domhan Faoi Cheilt, a
d'eisigh Cló Mhaigh Eo i 1999 agus An Clár
Amanda a d'fhoilsigh Cló Mhaigh Eo i 2000.
D'fhoilsigh Comhar Teoranta Tréigean na Cúise,
úrscéal do dhéagóirí i
1999.
Iarla Mac Aodha Bhuí lives in Bearna near Galway
and is a prolific writer of books for teenagers. He has won
many Oireachtas literary awards for his work and has been
published by a number of Irish publishing houses. Domhan
faoi Cheilt, an exciting space adventure, was his first
title from Cló Mhaigh Eo and is proving to be a big
success.
His latest book ''An Clár
Amanda '' is also available.
Iarla's Books / Leabhair
Iarla
|