|
|
|
|
|
'Cé thú féin?' Bhain an glór siar as agus nuair a d'ardaigh sé a cheann bhí cailín óg ag stánadh air. 'Cé thú féin?' ar sise arís. 'Is...is fear grinn mé,' ar seisean, 'Cócó, an fear grinn.' 'Cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh mar sin?' 'Scéal fada é sin,' ar seisean agus é ag glanadh deoir dá leiceann lena mhuinchille. 'Inis dom é, a Chócó,' ar sise agus shuigh sí síos in aice leis. |
|
|
|
'Ach féach. Céard é seo a bhí i do lámh agat?' D'oscail sé a dhorn 's céard a bhí ann ach liathróid bheag bhuí! D'fhéach Deirdre air agus í ag gáire. 'Cén chaoi...? 'Draíocht, a chailín bhig, draíocht. Nár chuala tú 'riamh faoi dhraíocht an tsorcais? Ó agus céard é sin atá ar chúl do chinn agat? Shín sé amach a lámh ina treo arís agus d'aimsigh sé liathróid bheag ghorm taobh thiar dá cluas. Faoin am seo bhí Deirdre sna tríthí ag gáire.
|
|
Taobh istigh de dhá nóiméad chonaic sé ag teacht arís í. Bhí scata beag dá cairde léi agus iad ag cogarnaíl agus ag gáire os íseal. 'Anois an gcreideann sibh mé?' ar sise go bródúil leo nuair a tháinig siad chomh fada leis. 'Seo iad mo chairde,' ar sise i nglór a bhí beagainín cúthallach, dar leis. 'Tháinig siad chun... chun tú a fheiceáil. An dtuigeann tú?'
|
|
|
Údar / Author: |
Colmán O Raghallaigh |
|
Maisitheoir / Illustrator: |
Aoife Ní Raghallaigh |
|
ISBN: |
1 8999 22 07 5 |
|
Foil. / Publ.: |
1999 |
|
Praghas / Price |
euro6.67 |
|
32 lch. / pp: |
Lándaite / Full Colour |
|
|
| údair / authors | leabhair / books | chuig / ask Ruairí | | léirmheasanna / reviews | coimicí / comics | siopa / shop | | nuacht/news| naisc / links | | CD-ROM | Eolas / Information
Web Site design and hosting by Mayo Ireland Ltd |