home
údair/authors
leabhair/books
chuig Ruairí
léirmheasanna
coimicí
siopa/shop
nuacht/news
CD-ROManna/CD-ROM
ascanna/links

Colmán Ó Raghallaigh

Cló Mhaigh Eo - Book Publishers / Foilsitheoirí

 

Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir do pháistí agus do dhaoine óga agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. Ina measc siúd tá an tsraith iomráiteach leabhar faoin gcarachtar, Ruairí.

Ghnóthaigh Drochlá Ruairí leis Gradam Uí Shuilleabháin i 1996. Foilsíodh freisin é i bhfoirm CD rom agus díoladh suas le 4000 cóip. Tá CD rom de Ruairí sa Zú ar fáil freisin. Foilsíodh cúig leabhar eile leis ag an nGúm, úrscéal do dhaoine óga faoin ngorta mór dar teideal Éalú san Oíche, agus ceithre phictiúrleabhair eile, Róisín ar Strae ina measc.

I 2002 foilsíodh An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach as Éirinn. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus agus ghnothaigh sé Duais Bisto dó. Tá trí cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) agus An Táin (2006).

Ghnóthaigh sé duais eile Bisto i 2003 agus duaiseanna aitheantais an RAI agus an Oireachtais i 2003 agus 2004 faoi seach.

an Tain - coverTá go leor drámaí scríofa aige do pháistí agus duaiseanna Slógadh gnóthaithe faoi ocht acu. Tá céim MA sa Ghaeilge aige, chomh maith le céimeanna sa Bhéarla agus san Oideachas. Is bunmhúinteoir é agus tá sé ag obair faoi láthair mar mhúinteoir feabhais. I gcomhar le Telegael, ba é a chur na cúrsaí Gaeilge, Muzzy, ar fáil do bhunscoileanna na hÉireann. Chuir sé Cló Mhaigh Eo ar bun i 1995 chun leabhair Ghaeilge nua-aimseartha a chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga. Tá sé pósta le Mairéad agus tá beirt pháistí acu, Gráinne agus Pádraic.

Colmán Ó Raghallaigh is the author of many children's books in Irish including the award winning Ruairí series (Cló Mhaigh Eo), the best-selling Róisín ar Strae (An Gúm 1996) and a highly successful series of graphic novels.

Five of his books were published by An Gúm, including a short adventure novel for young people about the famine titled Éalú san Oíche, and are now available on this site.

An Sclábhaí (2002) was the first graphic novel to be published in Ireland and is a gripping account of the young St. Patrick's capture and escape. In May 2002 it won a prestigious Bisto Merit Award and was followed by An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004)and An Táin (2006).

His best-selling book, Drochlá Ruairí, was the first children's book by an Irish author to be published on CD rom in either Irish or English. A second CD rom featuring Ruairí sa Zú is also available.  

As well as Bisto Merit Awards in 2002 and 2003, he received Special Merit awards from the Reading Association of Ireland and the Oireachtas in 2003 and 2004 respectively.

 

Agallamh le Colmán / Interview with Colmán

Leabhair le Colmán / Colmán's Books

Leabhair le Colmán ón nGúm / Books by Colmán from An Gúm

 

 

| baile / home |
| údair / authors | leabhair / books | chuig / ask Ruairí |
| léirmheasanna / reviews | coimicí / comics | siopa / shop |
| nuacht/news| naisc / links |
| CD-ROM |

Eolas / Information
Colmán agus Mairéad Ó Raghallaigh

Droimnín
Clár Chlainne Mhuris
Co Mhaigh Eo
Eire / Ireland

Tel: ++ 353 (0) 94 937 1744
Fax: ++ 353 (0) 94 937 1744
E-mail: colman@leabhar.com

 

Web Site design and hosting by Mayo Ireland Ltd